Tá eileamh á dhéanamh ag pobal Mhúscraí go ndéanfaí beart de réir briathar agus an tIonad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge a lonnú gan aon mhoill eile i gColáiste Iosagáin i mBaile Mhuirne, Co. Chorcaí.
Tá sé geall leis deich mbliain ó d’iompaigh Aire Oideachais na linne, an Dr. Michael Woods, an fód ar an láthair i gColáiste Iosagáin agus is beag dul chun cinn atá déanta ó shin. Cinnte níl aon Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge ar an láthair.
Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a d’fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo chaite, moltar go mbunófaí an tIonad seo i mBaile Mhuirne gan a thuilleadh moille.
Go minic le linn an tréimhse deich mbliana sin, tugadh geallúint go mbunófaí an Ionad Náisiúnta Oideachais ach is é an scéal is déanaí nach bhfuil na h-acmhainní ag Údarás na Gaeltachta, atá i mbun an togra a fhorbairt, chun tabhairt faoin obair.
Arís eile, tá geallúint tugtha go mbeadh Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge ann. An uair seo, tá an geallúint sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh an tseachtain seo chaite, go mbunófaí an Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge agus arís tá sé luaite le Coláiste Íosagáin i mBaile Mhuirne. Is cuid larnach é seo do phlean chuimsitheach chun feabhas breise a chur ar múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge sa chóras oideachais sa tír seo.
Éilíonn pobal Mhúscraí go stopfaí den chaint agus go mbunófar an Ionad Náisiúnta Oideachais gan a thuilleadh moille. Is obair tabhachtach atá le déanamh ag an Ionad seo, ag cur ábhar is oiliúint ar fáil do mhúinteoirí ar fud na tíre, agus ní mór tosnú ar an obair seo laithreach.
Ní gá go bhfanfar ar an Ionad Náisiúnta Oideachais a bheith tógtha le tosnú ar an obair rí thabhachtach seo ach an oiread. Is féidir ionad shealadach a lonnú sa cheantar fhaid is atáimid ag feitheamh ar thogáil an Ionaid bhuain.
”Tá sé tabhachtach go dtosnófar ar an obair seo gan a thuilleadh moille,” dúirt Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.
“Thuigfeá do phobal Mhúscraí an amhras atá orthu faoin Ionad seo de bharr an oiread geallúintí atá briste roimhe seo – ach tá dóchas againn go fóill go ndeanfar beart de réir briathar agus go gcuirfear tús leis an obair,” dúirt sé.
“Ní leor geallúintí níos mó – caithfear tosnú ar an obair le léiriú nach bhfuil sé i gceist an tionscnamh seo a tharraingt siar nó a lonnú i nGaeltacht eigean eile, i gcúl chlós an Aire Uí Chuív mar shampla, faoi mar a tharlaíonn le gach togra mór Ghaeilge.”

Caillfear 84 jab ó dheas agus 24 jab ó dheas mar gheall ar Banc Uladh a bheith ag cur atheagar ar a aonad airgeadais, Lombard. Deir an Banc go bhfuil siad ag labhairt leis na ceardchumainn féacháil le daoine a fháil a ghlacfadh le scor deonach .

Tá Éireannach ar dhuine den chúigear a ghabh cabhlach na hIaráine inné. As Mullach Íde de David Bloomer duine de chúigear a bhí ar an luamh, an Kingdom of Bahrain, a bhí, dar leis an Iaráin, in uiscí na hIaráine nuair a stopadh é.

Tá an tAire Eamon O Cuiv agus comhairle cathrach na Gaillimhe araon ag moladh do Taibhdhearc na Gaillimhe atógáil in ionad nua seachas filleadh ar an fhoirgneamh a bhí acu go dtí seo.Dar leis an Aire go mbeadh sé le ciall go rachadh an tAmharclann isteach in ionad cultúrtha nua don chathair seachas isteach i bhfoirgneamh leis féin mar a bhí.Níl an Taibhdhearc oscailte faoi láthair mar gheall ar easpa airgid agus tá neamhchinnteacht ann go bhfillfidh sé ar a sheanionad i bhfianaise caint an Aire agus an Chomhairle.

Baineadh an dochar go luath ar maidin de bhuama a fuarthas in aice le beairic an PSNI ar an tSrath Bán i dTír Eoghain.

Fritheadh corp mná san fharraige amach ó Ros Láir ar maidin. Creidtear gur thit an bhean ó long farantóireachta thart faoi deich a chlog aréir.

Is é Lionel Messi buaiteoir ar Ballon D'Or 2009. Bronntar an gradam ar imreoir sacair den scoth gach bliain agus is é seo an chéad uair d'imreoir ón Airgintín an duais a thabhairt leis.

Tá Conradh Liospóin i bhfeidhm, ocht mbliain i ndiaidh don Aontas tosú ar a bhrú chun cinn. Beidh Uachtarán ar an Choimisiún Eorpach, Jose Manuel Barosso, páirteach i gceiliúradh mhór a bheidh ag dul ar aghaidh inniu i gcathair Liospóin.

Tá lá iomlán stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath 2 idir 8.00rn – 6.00in Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009, le deis a thabhairt do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréachtstraitéis an Rialtas 20 Bliain don Ghaeilge agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh ionadaithe ó gach aoisghrúpa, ó gach Gaeltacht, agus go deimhin ó dháilcheantair fud fad na tíre ag freastal ar an lá eolais i mBuswells, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Guth na Gaeltachta, Dé Céadaoin bheag seo.

“Is léiriú é an lá stocaireachta seo go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta idir óg agus aosta aontaithe ag cur in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua, agus go bhfuil géarghá againn ár dtuairimí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in iúl dár n-ionadaithe tofa sa Dáil agus an dréachtstraitéis imithe faoi bhráid bhaill an Oireachtais.”

“Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé i mBuswells lena dTeachtaí Dála áitiúla ar an 02 Nollaig 2009, ach i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráitis éagsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste araon, agus roimh an dréachtstraitéis 20 bliain atá foilsithe ag an Aire Ó Cuív le déanaí, a thugann le fios go mbeidh an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do mholtaí áirithe ón Bord Snip Nua, ach tá soiléiriú ar cheisteanna sainiúla Gaeltachta fós le cinntiú againn lenár dTeachtaí.

“Tá géarghá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua ‘Údarás na Gaeilge’ atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ríthábhachtach, ach go háirithe go mbeidh cúram ar an Údarás úr leanúint ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus caithfidh sé bheith soiléir nach céim síos atá i gceist anseo do chúraimí Gaeltachta na heagraíochta.

“Tá gá chomh maith le soiléiriú ar phointí eile cosúil le stádas na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar shampla sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon gur am cinniúnach í seo don teanga agus don Ghaeltacht, mar sin fearann siad fáilte roimh idir thoghthóirí agus Theachtaí bualadh isteach orainn in Óstán Buswells idir 8.00rn agus 6.00in ar an 02 Nollaig 2009 le páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus le tacaíocht a léiriú don teanga.

Beidh Coiscéim ag foilsiú Stró an Ghnó le Máirtín Ó Muilleoir ar 12 Nollaig sa Chultúrlann agus ar 1pm sa Cheathrú Póilí .
Is bailiúchán atá ann de scéaltaí agus blúiríní eolais a phioc an t-údar suas maidir le cúram custaiméirí agus cúrsaí fiontraíochta le tamall anuas.
Breac le pictiúirí agus le comhairle ó chuid de na daoine a bhain aitheantas amach sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge a thionscnaigh Lá agus atá á reachtáil anois ag Grúpa Meán Bhéal Feirste.

Tá an tAire Eamon O Cuiv agus comhairle cathrach na Gaillimhe araon ag moladh do Taibhdhearc na Gaillimhe atógáil in ionad nua seachas filleadh ar an fhoirgneamh a bhí acu go dtí seo.
Dar leis an Aire go mbeadh sé le ciall go rachadh an tAmharclann isteach in ionad cultúrtha nua don chathair seachas isteach i bhfoirgneamh leis féin mar a bhí.
Níl an Taibhdhearc oscailte faoi láthair mar gheall ar easpa airgid agus tá neamhchinnteacht ann go bhfillfidh sé ar a sheanionad i bhfianaise caint an Aire agus an Chomhairle.

Deir an Taoiseach nach bhfuil sé chun aon rud a rá go fóill beag faoi chinneadh Jim Mc Daid gan glacadh le treoir Fhianna Fáil sa Dáil feasta. Tuigtear go bhfuil an Teachta Conallach le daora faoin dóigh a bhfuil tacaithe le clann Blaney ag dul chun cinn i bhFianna Fáil i dtuaisceart an chontae. Sa litir a sheol sé chuig Aoire Fhianna Fáil, Pat Carey thug an Teachta Mc Daid le fios arís eile go bhfuil sé i bhfách le toghchán a bheith ann go luath.

Thug AIB agus Banc na hÉireann le fios ar maidin go mbeidh siad ag lorg suas le €28 billiún ó NAMA as a gcuid drochiasachtaí a bhronnadh ar an áisínteacht.

Buailfidh an Taoiseach agus Gordon Brown, Príomh Aire na Breataine, le chéile i Sráid Downing inniu. Déanfaidh an bheirt acu plé ar an leamhsháinn i gcúrsaí polaitiúla sa tuaisceart, go háirithe cúrsaí póilíneachta.

Deir dlíodóir atá ag déanamh ionadaíochta do roinnt daoine a d'fhulaing drochíde in institiúidí na hEaglaise Chaitlicí ó thuaidh go bhfui sé den tuairim gur fhulaing suas le 1,000 duine drochíde mar é. Dar le Joe Rice gur chúis díomá dó nach bhfuil an feidhmeannas ó thuaidh i ndiaidh iarraidh go mbeadh fiosrúchán ann ar nós fiosrúchán Ryan ó dheas.

Deir an tEaspag Willie Walsh go mba cheart do dhaoine tuarascáil Uí Mhurchú léamh go mion sula dtosaíonn siad ag éileamh go n-éireodh easpaig as mar gheall ar a ról in imeachtaí Deoise Átha Cliath. Dar leis go dtuigeann sé go maith gur fhulaing an dúrud daoine drochíde millteanach ach deir sé go mba cheart do dhaoine an tuarascáil a léamh sula dtosaíonn siad ag éileamh go mbrisfí Easpag nó go n-éireodh siad as.

Tá sioc ina luí go trom fud na háite agus deir an Garda is an AA go gcaithfidh tiománaithe a bheith thar a bheith cúramach. Tharla taismí bóthair i go leor ceantair agus in eachtra amháin bhuail seacht gcarr in aghaidh a chéile ar an bhóthar N8 idir Corcaigh is Baile Átha Cliath. Taobh ar thaobh leis na taismí is an sioc tá tuilte ag cur as i gcónaí do limistéir thuaidh theas soir siar. Chuaigh an Life ó smacht i roinnt ceantracha inné i mBaile Átha Cliath agus i gContae Chill Dara agus tá buairt ann go rachaidh cúrsaí in olcas amárach mar gheall ar drochaimsir.

Thug an tAire Talmhaíochta Breandan Smith cuairt inniu ar cheantair i nGaillimh a bualadh go dona ag na tuilte ann. Dar leis agus é ag caint leis na meáin go mbeidh an rialtas ag cur lena bhfóirthint do na daoine sin atá thíos leis na tuilte agus na feirmeoirí sin atá ag fulaingt. Bhí cruinniú den Chomhaireacht ar maidin ann chun comhoirdniú ar na hiarrachtaí fóirthinte.
Deir BSL nach mbeidh siad scaoileadh amach uisce ó Chora an Phairtín inniu. Is é seo an tríú lá as a chéile nár scaoil siad amach uisce ón chora agus is deascéal é do na clanna sin atá imithe óna dithe mar gheall ar na tuilte nó atá ag fanacht ina dtithe agus i mbaol i rith an ama.