Tá Robert Mc Namara i ndiaidh bás a fháil. Bhí Mc Namara, (93) , ar an duine is mó a leag amach agus a bhrúigh cogadh Vítnaem agus ó shin i leith d'admhaigh sé go minic gur meancóg mhór a bhí ann. Bhí Mc Namara ar dhuine den fhoireann iontach de dhaoine óga a thóg JFK ón earnáil tionscála chun borradh sa bhreis a chur lena rialtas nua sna 1960I. Ag an am sin bhí Mc Namara i gceannas ar an chomhlacht Ford.
0 tuairim
Post a Comment