Tá na Gardaí ag ceistiú fir faoi eachtra a maraíodh bean ann i mBaile Átha Cliath ar 2.15 ar maidin. Chuaigh carr ó smacht agus bhuail isteach i scaifte de dhaoine a bhí ag seasamh taobh amuigh de teach tábhairne Kavanagh i bhFionn Radharc. Fuair bean 53 bliain d'aois bás agus gortaíodh triúr duine eile. Tá an tiománaí á cheistiú agus tuairim ann go raibh sé ólta nuair a tharla an taisme.

0 tuairim