Thiocfadh dó go gcaillfeadh First Trust Bank (Allied Irish sa tuaisceart) suas le £85m mar gheall ar chalaois a tharla, más fíor ag craobh dá gcuid ar an Iúr. Tugadh an méid sin le fios inniu nuair a leanadh de bhannaí Peter Creegan ó Bhéal Atha an Airgid, iarbhainisteoir ar First Trust ar an Iúr. Tá curtha ina leith go raibh sé i mbun calaoise. Leanadh dá bhannaí agus tugadh air gan dul i dteagmháil le custaiméirí ar bith de chuid First Trust ar an Iúr. Dar leis an First Trust go bhfuil den tuairim go dtí seo go bhfuil cailliúintí de £3.9m i gceist ach ar an léamh is measa ar an sceal go dtiocfadh le cailliúintí ar luach £85m a bheith i gceist.
0 tuairim
Post a Comment